Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
A óige, d’fhág sé scoil Bhun an Inbhir in 1936 agus chuaigh sé an Lagáin in 1938, ní raibh obair ar bith fan bhaile. D’imíodh na fir in Meitheamh agus thagadh siad ar ais ag Nollaig, ní raibh airgead mór le saothrú. Chuaigh sé féin agus a mháthair go dtí an stáisiún ar dtús agus go dtí an Raibeal, as sin go Killygordon. Fostaíodh ansin e ar feadh 9 mí ar £8. Ag feirmeoireacht is mó a bhí sé, bhí am maith go leor aige. Chuaigh sé as sin go Doire in 1940 ag obair ag an aeradróm i mBaile Uí Cheallaigh ag déanamh rúidbhealaigh le comhlacht Meiriceánach. Chaith sé bliain ansin agus tháinig se na bhaile in 1941. Thosaigh sé ar scéim bhaint na móna leis an Chomhairle Contae. Cur síos ar sin, bhí droch phortach ann agus níor obair sé ansin ach coicís. | 00:05:34 | |
Thosaigh gníomhairí Wimpey ag teacht anall as Sasana ag cuardach daoine le dhul anonn ag obair. Chuaigh Brianaí anonn leo, díoladh a mbealach anonn. Chuaigh sé go Corsham in Wiltshire ar dtús agus chaith sé bliain ag obair ansin. Ina dhiaidh sin cuireadh síos go Devonshire é ar an obair chéanna, ag tógáil aerodróm. Bhí pá de £ 14 sa tseachtain aige. Ina dhiaidh sin bhí sé ag obair in Londain agus in Bristol, ag díláithriú agsu ag aththógáil tithe a bhí buamáilte le linn an chogaidh. | 00:03:41 | |
D’imigh sé go dtí an Bhreatain Bheag ansin ar feadh dhá bhliain ag obair sna poill. Bhí sé ag obair le meaisín, an toit a ba mheasa den jab sin nuair a bhíodh siad ag bleaisteáil. | 00:01:36 | |